Mr. Horgan's 6th - St Patricks BNS

Search
Search
Go to content

Main menu:

Mr. Horgan's 6th

Classes

An Damba


Léimeamar ar an mbus ag a ceathrú chun a deich. Shuigh mé síos ar shuíochán in aice le mo chara James. Shroicheamar Inis Cara ag a ceathrú tar éis a deich.
Chonaiceamar an damba os ár gcomhair. Bhí sé ollmhór. Bhuaileamar leis an mbainisteoir Frank. Chuamar isteach leis agus shuíomar ar an úrlár agus d’fhéachamar ar scannán gearr faoin damba. Ansin, chuireamar geansaithe buí agus hataí crua bána orainn agus thosaíomar an turas. Ar dtús, chonaiceamar an dá tuirbín leictreachais. Ansin, bhuaileamar le Conor sa seomra stiúrtha. D’éisteamar leis ag déanamh cur síos faoin damba. Bhí ríomhaire mór sa seomra stiúrtha agus bhí a lán cnapaí éagsúla ar an mballa. Tá post ag Conor cosúil le Homer Simpson. Tar éis tamaill, chuamar amach chun an damba a fheiceáil. B’éigean dúinn a lán céimeanna a dhreapadh. Nuair a shroich mé an barr, bhí mé ag cur allais. Bhí an radharc go hiontach ann. Chonaic mé abhainn An Laoi, an loch mór Inis Cara, coillte agus an uisce ag titim den damba. Bhí trí geataí móra troma ann. Bhí siad dúnta ach osclaíonn siad na geataí nuair a bhíonn a lán uisce sa loch. Bhí sé ar fheabhas. Ansin, bhí an turas thart. D’fhilleamar go dtí an foirgneamh. Bhain mé mo gheansaí agus mo hata díom. D’fhágamar slán le Frank agus ar ais linn ar scoil. Turas suimiúil a bhí ann agus thaitin sé go mór liom.

Alex Hetherington






 
Back to content | Back to main menu